Scéala Príobháide Galaxy Wearable Nuashonraithe den uair dheireanach ar an: 1 Aibreán 2021 Ag Samsung Electronics Co., Ltd., tuigimídne cé chomh tábhachtach is atá an phríobháid dár gcustaiméirí. Tá an Scéala Príobháide seo cruthaithe againn lena chinntiú go dtuigeann tú an bealach a dhéanaimid d’fhaisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid. Baineann ár mBeartas Príobháide– ar féidir amharc air ag https://account.samsung.com/membership/terms/privacypolicy – leis an úsáid a bhaineann tú as do Galaxy Wearable freisin. Tá tuilleadh faisnéise inár mBeartas Príobháide faoin dóigh a n-úsáidimid do shonraí. Tá faisnéis ann chomh maith faoi conas teagmháil a dhéanamh linn. Léigh ár mBeartas Príobháide chomh maith leis an bhFógra Príobháide seo. Mar sin féin, beidh an Fógra Príobháide seo i réim thar an mBeartas Príobháide i gcónaí. CÉN FHAISNÉIS A BHAILÍMID? Trí do Galaxy Wearable, bailímid agus coinnímid eolas fútsa ar bhealaí éagsúla. Faisnéis a Sholáthraíonn tú go Díreach • Nuair a logálann tú isteach ar Samsung account ar do ghléas Galaxy Wearable, faisnéis Samsung account, ar nós ID do Samsung account. Faisnéis Faoi d’Úsáid as do Galaxy Wearable • Faisnéis faoi do ghléasanna, ar nós cineál an ghléis, múnla an ghléis, an cineál agus leagan OS, aitheantóirí an ghléis agus aitheantóirí uathúla eile, soláthróirí líonra mhóibíligh, cumraíochtaí agus socruithe an ghléis; • Faisnéis a bhaineann le do shuíomh trí GPS, Bluetooth agus comharthaí Wi-Fi. Éilíonn cuid de ghnéithe do Galaxy Wearable go mbaileofaí geoshuíomh cruinn do ghléis, agus sna cásanna sin baileoimid do gheoshuíomh, ach baileoimid é le do chead amháin. Tabharfaidh do ghléas fógra duit nuair is gá do ghné Galaxy Wearable do gheoshuíomh cruinn a bhailiú. Tabhair faoi deara mura cheadaíonn tú do Galaxy Wearable do gheoshuíomh cruinn a bhailiú, tá seans ann nach mbeidh tú in ann gach gné de Galaxy Wearable a úsáid; • Nuair a úsáideann tú gné Cian-nasctha (ar nós do ghléas móibíleach a nascadh le do ghléas Galaxy Wearable ar Wi-Fi nó ar shonraí móibíleacha, in ionad Bluetooth, ionas gur féidir le do Galaxy Wearable teachtaireachtaí a fháil ó d’fhón); faisnéis faoi fheidhmchláir atá suiteáilte ar do ghléas móibíleach ar nós fógraí agus inneachar teachtaireachtaí agus r-phoist a fhaightear (inneachar teachtaireachtaí agus comhaid mheáin san áireamh); • Má úsáideann tú an ghné Cúltacaigh agus Aischuir, leagan bogearraí, cód díolacháin, liosta na bhfeidhmchlár atá suiteáilte agus a úsáideadh le déanaí, sonraí agus socruithe na bhfeidhmchlár atá suiteáilte, socruithe an scáileáin baile, aghaidh uaireadóra, feidhmchláir agus giuirléidí san áireamh, socruithe fógraí, socruithe córais, taispeáint, fuaimeanna agus crith san áireamh; agus • Má aontaigh tú le sonraí diagnóiseacha a sheoladh, faisnéis dhiagnóiseach, theicniúil, earráide agus úsáide, ar nós am agus fad ama d’úsáide do Galaxy Wearable, feidhmchláir a shuiteáil tú agus cá fhad agus cathain a osclaíonn nó a dhúnann tú feidhmchláir. Féadaimid faisnéis eile a bhailiú freisin fút féin, faoi do Galaxy Wearable agus feidhmchláir, faoi do ghléasanna atá ceangailte le Galaxy Wearable, agus faoin úsáid a bhaineann tú as do Galaxy Wearable, ar bhealaí a dtugaimid tuairisc orthu duit am a bailithe, agus aon uair is gá sin, gheobhaimid toiliú uait. CONAS A ÚSÁIDIMID DO CHUID FAISNÉISE? • Chun cuidiú leat clárú le Galaxy Wearable agus é a úsáid. • Chun seirbhísí agus gnéithe a iarrann tú a sholáthar. • Chun freagra a thabhairt ar d’iarratais agus ar do cheisteanna, agus chun teagmháil a dhéanamh leat faoi do Galaxy Wearable, lena n-áirítear cabhair a chur ar fáil nuair a iarrfaidh tú tacaíocht theicniúil maidir le do Galaxy Wearable. • Chun gur féidir leat idirghníomhú le feidhmchláir, gnéithe agus seirbhísí áirithe de chuid Samsung nó de chuid tríú páirtithe. Mar shampla, d’fhéadfaí go mbeidh tú in ann d’fheidhmchláir agus d’fhaisnéis socruithe a chúltacú go Samsung Cloud nó go mbeidh tú in ann Samsung Health a úsáid ar do Galaxy Wearable. • Chun inneachar agus seirbhísí saincheaptha a bhaineann le do Galaxy Wearable a chur ar fáil. • Chun promóisin agus tairiscintí a chur ar fáil trí theachtaireachtaí margaíochta dírí, (ar nós brúfhógraí, r-phoist agus teachtaireachtaí téacs), ach amháin tar éis duit do thoiliú ar leith a thabhairt dúinn. • Chun Galaxy Wearable agus ár ngnó a fheidhmiú, a mheas, agus a fheabhsú (lena n-áirítear táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt; ár gcuid táirgí agus seirbhísí a fheabhsú agus cur leo; ár dteachtaireachtaí cumarsáide a bhainistiú; anailís a dhéanamh ar ár gcuid táirgí, ár mbonn custaiméirí, agus seirbhísí; taighde margaíochta a dhéanamh; anailísíocht sonraí a dhéanamh; agus feidhmeanna cuntasaíochta, iniúchóireachta, agus feidhmeanna inmheánacha eile a dhéanamh). • Chun tuairimí a iarraidh ort maidir lenár dtáirgí agus lenár seirbhísí agus chun suirbhéanna custaiméirí a dhéanamh; más gá sin, le do thoiliú ar leith. • Chun nuashonruithe bogearraí, seirbhísí cothabhála, agus tacaíocht a chur ar fáil do do Galaxy Wearable. • Chun calaois a aithint, chun cosaint a thabhairt in aghaidh calaoise, agus calaois agus gníomhaíochtaí coiriúla eile, éilimh agus dliteanais eile a chosc. • Chun riachtanais dlíthiúla infheidhme, caighdeáin tionscail iomchuí, agus ár mbeartais, lena n-áirítear an Fógra Príobháide seo agus an Beartas Príobháide a chomhlíonadh agus a fheidhmiú. D’fhéadfadh do Galaxy Wearable a bheith in ann ceangal a dhéanamh le feidhmchláir, seirbhísí agus gnéithe eile Samsung nó tríú páirtí, nó iad a úsáid. Mar shampla, d’fhéadfá a bheith in ann Samsung Health nó Bixby Voice a úsáid ar do ghléas Galaxy Wearable. D’fhéadfadh a bhfógraí príobháide féin a bheith ag na feidhmchláir, seirbhísí agus gnéithe Samsung nó tríú páirtí sin. Déan cinnte go léann tú iad lena chinntiú go dtuigeann tú an chaoi a ndéanann na seirbhísí sin próiseáil ar do chuid faisnéise. Sa mhéid nach bhfuil aon fheidhmchlár, seirbhís ná gné eile nasctha nó léirithe faoi úinéireacht againn ná á rialú againn, nílimid freagrach as an inneachar ann, an úsáid a bhaintear as, ná na cleachtais phríobháideachta a bhaineann leis. CÉ LEIS A gCOMHROINNIMID DO CHUID FAISNÉISE? Ní nochtfaimid d’fhaisnéis go hinmheánach laistigh dár ngnó agus leis na heintitis seo a leanas, ach amháin chun na cuspóirí a gcuirtear síos orthu thuas. • Cleamhnaithe: comhlachtaí eile Ghrúpa Samsung Electronics a rialaímid agus atá faoinár n-úinéireacht; • Soláthraithe seirbhíse: comhlachtaí a roghnaítear go cúramach a chuireann seirbhísí ar fáil dúinn nó thar ár gceann, amhail freastalaithe sonraí a choimeádann sonraí thar ár gceann. Tá na soláthraithe sin tiomanta do do chuid faisnéise a chosaint chomh maith; • Páirtithe eile nuair a éilítear é sin leis an dlí nó de réir mar is gá chun do Galaxy Wearable a chosaint: mar shampla, d’fhéadfaí go n-éileodh an dlí, próiseas dlí nó ordú cúirte ó údaráis rialtais go nochtfaí do chuid faisnéise. Féadfaidh sé go lorgóidh siad do chuid faisnéise uainn freisin chun críocha fheidhmiú an dlí, na slándála náisiúnta, na frithsceimhlitheoireachta, nó saincheisteanna eile a bhaineann le slándáil an phobail; • Páirtithe eile i gceangal le hidirbhearta corparáideacha: d’fhéadfaimis d’fhaisnéis a nochtadh le tríú páirtí mar chuid de chumasc nó aistriú, ceannachán nó díolachán, nó i gcás féimheachta; agus • Páirtithe eile le do thoil nó faoi do rogha: chomh maith leis na nochtuithe a gcuirtear síos orthu san Fhógra Príobháide seo, d’fhéadfaimis faisnéis fút a roinnt le tríú páirtithe sa chás go dtabharfaidh tú toil ar leithligh chuig an roinnt sin nó sa chás go n-iarrfaidh tú an roinnt sin. NUASHONRUITHE AR AN bhFÓGRA PRÍOBHÁIDE SEO Féadfar an Scéala Príobháide seo a nuashonrú chun athruithe a chur in iúl duit ar an dóigh a ndéanaimid do chuid faisnéise a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh do Galaxy Wearable nó chun athruithe ar dhlíthe agus ar rialacháin ábhartha a chur in iúl duit. Tá an dáta a nuashonraíodh an doiciméad an uair dheireanach le feiceáil ag barr an Scéala Príobháide seo. Version:P01.03.00